Sa bhliain 1826 thug an tEaspag Ó Seachnasaigh cuireadh don Bhráthair Éamann Iognáid Rís Bráithre a chur go hInis agus i Mí Eanair tháinigh beirt Bhráthair, Iaróm Ó Conchúir agus Iognáid De Barra. Chuireadar scoil ar bun i sean stór arbhair. Go gairid ina dhiaidh sin d'aistrigh siad go dti Lána an tSéipéil.
Sa bhliain 1833 d'aistrigh siad go foirgneamh nua i Newtown Stacpoole, áit a bhfuil an sean-chuid den Bhunscoil suite anois. Sa bhliain 1840 d'fhág na Bráithre Inis ach d'fill siad i nDeireadh Fómhair na bliana 1854 le cuireadh ón Sagart Paróiste, an tAthair Seán Ó Cionnaith, tar éis Misean na nÍosánach sa Pharóiste sa bhliain 1853. I Mí Lúnasa 1868 leagadh bun chloch na Mainistreach agus d'aistrigh na Bráithre ó "bhothán suarach ceann tuí" go dtí an Mhainistir nua i Mí na Nollag 1869.
Sa bhliain 1882 cuireadh daltaí ó Scoil na mBráithre in Inis isteach ar scrúdúcháin an 'Intermediate Board' agus d'éirigh leo bheith ar na liostaí. Sa bhliain 1937 críochnaíodh foirgneamh nua don Mheánscoil. Tá timpeall 1,100 dalta ar na rollaí faoi láthair idir an Bhunscoil agus Coláiste an Rísigh.